Taobh thiar den Scáileán

Cuir foghlaimeoirí a smaoineamh ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis
Cuir foghlaimeoirí a smaoineamh ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis

Ages

12+

Nation

Northern Ireland

Leis an tsraith mhór-ráchairte s’againn Gabh le Gairm Scáileáin, tá réimse d’eolas agus gníomhaíochtaí ar fáil do dhaoine óga lena gcur a smaoineamh ar na cineálacha ról atá ar fáil dóibh sna tionscail scáileáin agus le cuidiú leo díriú ar ghnéithe sonracha de shaol na hoibre. Tá níos mó ná 20 bileog ghníomhaíochta ann, agus iad scaipthe thar chúig leathanach, mar sin, déan cinnte de go ndéanann tú iad uilig a íoslódáil le hiomlán tairbhe a bhaint as an tsraith.

Is ionann Gabh le Gairm Scáileáin agus sraith ilghnéitheach de bhileoga gníomhaíochta atá foirfe le scoláirí a chur i mbun fiosraithe ar chonairí gairme agus i mbun fhorbairt na scileanna a bheas úsáideach sna tionscail scáileáin.

Spreagann na gníomhaíochtaí daoine óga le bheith ag smaoineamh ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann le bheith ag dul isteach i saol na fostaíochta, agus iad ag machnamh ar a gcuid scileanna agus spéiseanna féin agus, san am céanna, ag cur tuiscint ar shaol na hoibre sna tionscail scáileáin. Tá siad solúbtha agus is féidir iad a úsáid ar leithligh nó in éineacht lena chéile le haghaidh ceachtanna, obair bhaile nó staidéar neamhspleách. 

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú gníomhaíochtaí a chuideoidh le daoine óga a dtuiscint a fhorbairt ar an mhéid a tharlaíonn taobh thiar den scáileán, lena n-áirítear na timpeallachtaí ina oibríonn daoine agus na príomhchineálacha teanga a bheadh in úsáid acu. Ar na bileoga, tá:

  • Béarlagair an tSiúlscéalaí
  • Béarlagair an tSeit
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – saotharlanna agus leantóirí
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – seit nó suíomh
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – an tsaoráid iarléirithe
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – an oifig léiriúcháin
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – bileog ghníomhaíochta
  • Cé a oibríonn cá háit sna scannáin agus ar an teilifís? – póstaer lándaite

Íoslódáil níos mó áiseanna sa tsraith Gabh le Gairm Scáileáin trí chuairt a thabhairt ar: Líonrú, Do Ghairm a Phleanáil, Conairí isteach sna tionscail scáileáin, agus Obair sna Tionscail Scáileáin

This resource includes

This Resource Supports

  • Careers

Got Some Feedback?

We love to hear how educators have used our resources.

Contact us

Updating our resources

We have developed a large catalogue of educational resources since launching in 2013, and some references and terminology will inevitably have dated as society and language evolves. We are aware of this and will be updating resources when our production schedule allows.

How Do Into Film Clubs Work? header

How do Into Film Clubs work?

Find out more about what's involved in running your very own Into Film Club.

Into Film CPD Training (Bolton)

Training

Learn how to make the most of film in education with our training programme.

What our educators say

"Film is totally part of the curriculum throughout all subjects, at both Key Stages 3 and 4. We couldn't teach here without film!"