How do Into Film Clubs work?
Find out more about what's involved in running your very own Into Film Club.
12+
Northern Ireland
Leis an tsraith mhór-ráchairte s’againn Gabh le Gairm Scáileáin, tá réimse d’eolas agus gníomhaíochtaí ar fáil do dhaoine óga lena gcur a smaoineamh ar na cineálacha ról atá ar fáil dóibh sna tionscail scáileáin agus le cuidiú leo díriú ar ghnéithe sonracha de shaol na hoibre. Tá níos mó ná 20 bileog ghníomhaíochta ann, agus iad scaipthe thar chúig leathanach, mar sin, déan cinnte de go ndéanann tú iad uilig a íoslódáil le hiomlán tairbhe a bhaint as an tsraith.
Is ionann Gabh le Gairm Scáileáin agus sraith ilghnéitheach de bhileoga gníomhaíochta atá foirfe le scoláirí a chur i mbun fiosraithe ar chonairí gairme agus i mbun fhorbairt na scileanna a bheas úsáideach sna tionscail scáileáin.
Spreagann na gníomhaíochtaí daoine óga le bheith ag smaoineamh ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann le bheith ag dul isteach i saol na fostaíochta, agus iad ag machnamh ar a gcuid scileanna agus spéiseanna féin agus, san am céanna, ag cur tuiscint ar shaol na hoibre sna tionscail scáileáin. Tá siad solúbtha agus is féidir iad a úsáid ar leithligh nó in éineacht lena chéile le haghaidh ceachtanna, obair bhaile nó staidéar neamhspleách.
Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú gníomhaíochtaí a chuideoidh le daoine óga a ngairmréim a phleanáil, lena ndíreofar ar róil ardráchairte, ar chonairí gairme éagsúla agus ar na cineálacha forbairtí a bhféadfadh sé iad a theacht ar ghairmeacha scáileáin amach anseo. Ar na bileoga, tá:
· Scileanna ráchairte sna tionscail scáileáin
· Ó Scoil go Gairm Scáileáin – téann an dá rud le chéile!
· Féachaint Chuige go Seasfaidh do Ghairm an Aimsir: An IS agus Tú Féin
· Do CV don tionscal scáileáin a scríobh
Íoslódáil níos mó áiseanna sa tsraith Gabh le Gairm Scáileáin trí chuairt a thabhairt ar Taobh thiar den Scáileán, Líonrú, Conairí isteach sa tionscal, agus Obair sna Tionscail Scáileáin
We have developed a large catalogue of educational resources since launching in 2013, and some references and terminology will inevitably have dated as society and language evolves. We are aware of this and will be updating resources when our production schedule allows.